| Céard Atá Dia a Iarraidh Orainne? | Ceacht 7 |
Ag Cothú Dlúthchairdis le Dia trí Ghuí |
|
| Cén tábhacht atá le guí go rialta? (1) | |
| Cé chuige is ceart guí, agus cén chaoi? (2, 3) | |
| Céard is ábhair chearta dár nguí? (4) | |
| Cén uair is ceart guí? (5, 6) | |
| An n-éisteann Dia le gach guí? (7) | |
1. Séard is guí ann ná labhairt go humhal le Dia. Ba chóir guí chun Dé go rialta. Má dhéanann tú amhlaidh beidh Sé mar a bheadh dlúthchara agat. Tar éis chomh mór agus chomh cumhachtach is atá Dia, éisteann sé lenár nguí! An nguíonn tusa chun Dé go rialta?—Salm 65:2; 1 Teasalónaigh 5:17.
2. Is cuid dár n-adhradh guí. Mar sin is chun Dé, Iehova, amháin is cóir dúinn guí. Nuair a bhí Íosa ar an talamh ghuigh sé i gcónaí chuig a Athair, ní chuig éinne eile. Ba chóir dúinne an rud céanna a dhéanamh. (Matha 4:10; 6:9) Mar sin féin, ba cheart ár nguí ar fad a dhéanamh in ainm Íosa. Léiríonn sé seo go bhfuil meas againn ar stádas Íosa agus go bhfuil muinín againn as a íobairt éirice.—Eoin 14:6; 1 Eoin 2:1, 2. 3. Nuair a ghuímid is cóir dúinn labhairt le Dia ónár gcroí amach. Níor chóir ár nguí a bheith de ghlanmheabhair againn ná é a léamh as leabhar urnaí. (Matha 6:7, 8) Fad is go n-iompraímid go hómósach muid féin, is féidir linn guí ag aon am, agus in aon áit is mian linn. Cloiseann Dia fiú an ghuí chiúin a dhéanaimid inár gcroí. (1 Samúéil 1:12, 13) Is fiú áit chiúin a fháil, amach ó dhaoine eile, lenár nguí phearsanta a dhéanamh.—Marcus 1:35. 4. Céard iad na hábhair gur féidir leat guí ar a son? Rud ar bith a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar do chairdeas leis. (Filipigh 4:6, 7) Léiríonn an phaidir shamplach gur cheart dúinn guí faoi ainm agus chuspóir Dé. Is féidir linn a iarraidh go soláthrófaí riar ár gcáis, go maithfí ár bpeacaí, go dtabharfaí cabhair dúinn le diúltú don chathú. (Matha 6:9-13) Níor cheart dár nguí a bheith leithleasach. Níor chóir guí ach ar son rudaí a réitíonn le toil Dé.—1 Eoin 5:14.
5. Is féidir leat guí aon uair a spreagann do chroí tú le buíochas agus moladh a thabhairt do Dhia. (1 Croinicí 29:10-13) Ba cheart duit guí nuair a bhíonn deacrachtaí agat agus nuair a bhíonn do chreideamh faoi bhrú. (Salm 55:22; 120:1) Is rud feiliúnach go nguífeá sula n-íosfá do bhéilí. (Matha 14:19) Tugann Iehova cuireadh dúinn guí “ar gach ócáid.”—Eifisigh 6:18. 6. Tá sé ríthábhachtach go nguífimís má tá peaca tromchúiseach déanta againn. Ag am den sórt sin ba cheart dúinn trócaire agus maithiúnas a impí ar Iehova. Má admhaíonn muid ár bpeacaí dó agus má dhéanann muid ár ndícheall gan iad a dhéanamh arís, tá Dia “réidh le maithiúnas a thabhairt.”—Salm 86:5; Seanfhocal 28:13. 7. Ní éisteann Iehova ach le guí daoine atá fíréanta. Chun go dtabharfaidh Dia cluas do do ghuí-se, ní mór duit a bheith ag déanamh do dhíchill maireachtáil dílis dá dhlíthe. (Seanfhocal 15:29; 28:9) Ní mór duit a bheith umhal agus tú ag guí. (Lúcás 18:9-14) Caithfidh tú obair a chur isteach sa rud a nguíonn tú ar a shon. Ar an mbealach sin cruthóidh tú go bhfuil creideamh agat agus go bhfuil tú dáiríre faoin rud atá tú a rá. Faoi na cúinsí sin amháin a thabharfas Iehova freagra ar do ghuí.—Eabhraigh 11:6. |
Foilsithe i 1999 |
|
Copyright © 2011 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania. All rights reserved. |
|