| Céard Atá Dia a Iarraidh Orainne? | Ceacht 8 |
Saol Clainne a Thugann Taitneamh do Dhia |
|
| Cén áit atá ag an bhfear céile sa chlann? (1) | |
| Cé mar is ceart d’ fhear céile caitheamh lena bhean chéile? (2) | |
| Céard iad na cúraimí atá ar an athair? (3) | |
| Cén pháirt atá ag an mbean chéile sa chlann? (4) | |
| Céard atá Dia a iarraidh ar thuismitheoirí agus ar pháistí? (5) | |
| Céard é dearcadh an Bhíobla ar scaradh agus ar cholscaradh? (6, 7) | |
1. Deir an Bíobla gurb é an fear céile atá ina cheann ar an gclann. (1 Corantaigh 11:3) Níl ceadaithe d’fhear céile ach bean chéile amháin. Ba chóir dóibh a bheith pósta ceart de réir dlí.—1 Tiomóid 3:2; Títeas 3:1. 2. Ba cheart go dtabharfadh fear céile an grá céanna dá bhean chéile agus a thugann sé dó féin. Ba cheart dó caitheamh léi mar a chaitheann Íosa lena lucht leanúna. (Eifisigh 5:25, 28, 29) Níor cheart dó í a bhualadh ar chor ar bith ná drochíde a thabhairt di ar aon bhealach. Ina leaba sin, ba cheart dó onóir agus ómós a thaispeáint di.—Colosaigh 3:19; 1 Peadar 3:7.
3. Ba cheart d’athair oibriú go crua ar mhaithe lena chlann. Tá de dhualgas air bia, éadach agus dídean a sholáthar dá bhean chéile agus dá pháistí. Tá de dhualgas ar athair freisin soláthar a dhéanamh do riachtanais spioradálta a chlainne. (1 Tiomóid 5:8) Mar cheann na clainne, tógann sé air féin cabhrú lena chlann foghlaim faoi Dhia agus faoina chuspóirí.—Deotranaimí 6:4-9; Eifisigh 6:4. 4. Ba cheart do bhean chéile a bheith ina cúntóir maith dá fear. (Geineasas 2:18) Ba cheart di cuidiú lena fear céile a gcuid páistí a mhúineadh agus a oiliúint. (Seanfhocal 1:8) Iarrann Iehova ar bhean chéile aire ghrámhar a thabhairt dá clann. (Seanfhocal 31:10, 15, 26, 27; Títeas 2:4, 5) Ba cheart di fíor ómós a bheith aici dá fear.—Eifisigh 5:22, 23, 33. 5. Iarrann Dia ar pháistí a bheith umhal dá dtuismitheoirí. (Eifisigh 6:1-3) Bíonn sé ag súil go múinfidh agus go gceartóidh tuismitheoirí a bpáistí. Ní mór do thuismitheoirí freastal ar riachtanais spioradálta agus mhothúchánacha a bpáistí trí am a chaitheamh leo agus staidéar a dhéanamh ar an mBíobla leo. (Deotranaimí 11:18, 19; Seanfhocal 22:6, 15) Níor chóir do thuismitheoirí a bpáistí a smachtú ar bhealach garbh ná cruálach ag aon am.—Colasaigh 3:21.
6. Nuair a bhíonn deacrachtaí ag lánúin eatarthu féin, déanaidís iarracht comhairle an Bhíobla a chur i bhfeidhm. Spreagann an Bíobla muid le grá a thaispeáint agus le maithiúnas a thabhairt. (Colosaigh 3:12-14) Ní mholann Focal Dé scaradh mar réiteach ar mhiondeacrachtaí. Ach d’fhéadfadh bean chéile roghnú a fear a fhágáil (1) má dhiúltaíonn sé go ceanndána gan a chlann a chothú, (2) má bhíonn sé chomh foréigneach is go mbíonn a beatha nó a sláinte i mbaol, nó (3) má chuireann sé ina coinne chomh mór is nach féidir léi adhradh a thabhairt do Iehova.—1 Corantaigh 7:12, 13. 7. Ní mór do lánúin phósta a bheith dílis dá chéile. Is peaca in aghaidh Dé agus in aghaidh chéile dhuine an t-adhaltranas. (Eabhraigh 13:4) Caidreamh gnéis taobh amuigh den phósadh an t-aon chúis Scrioptúrtha le haghaidh colscaradh a cheadódh athphósadh. (Matha 19:6-9; Rómhánaigh 7:2, 3) Is fuath le Iehova go bhfhaigheann daoine colscaradh gan bunús Scrioptúrtha leis agus go bpósann siad daoine eile.—Malachi 2:14-16. |
||||
Foilsithe i 1999 |
|
Copyright © 2011 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania. All rights reserved. |
|