| Céard Atá Dia a Iarraidh Orainne? | Ceacht 10 |
Nósanna ar Fuath le Dia Iad |
|
| Cén chaoi ar cheart duit aireachtáil faoin rud a ndeir Dia gur drochrud é? (1) | |
| Céard iad na cineálacha iompair ghnéasacha nach bhfuil ceart? (2) | |
| Cén dearcadh is ceart a bheith ag Críostaí i leith bréagadóireachta? (3) cearrbhachais? (3) goidte? (3) foréigin? (4) asarlaíochta? (5) meisce? (6) | |
| Cén chaoi ar féidir le duine briseadh saor ó dhrochnósanna? (7) | |
1. Tá grá ag searbhóntaí Dé don mhaith. Ach caithfidh siad freisin foghlaim le fuath a bheith acu don olc. (Salm 97:10) Is é sin, caithfidh siad nósanna áirithe ar fuath le Dia iad a sheachaint. Céard iad cuid de na nósanna sin? 2. Táth: Gnéas réamhphósta, adhaltranas, béistiúlacht, ciorrú coil, agus hómaighnéasachas, is peacaí troma in aghaidh Dé iad go léir. (Léivític 18:6; Rómhánaigh 1:26, 27; 1 Corantaigh 6:9, 10) Má tá lánúin nach bhfuil pósta ag cónaí le chéile, ba cheart dóibh scaradh, sin nó pósadh de réir dlí.—Eabhraigh 13:4.
3. Bréagadóireacht, Cearrbhachas, Goid: Ní féidir le Iehova bréag a insint. (Títeas 1:2) Ní mór do dhaoine atá ag iarraidh go mbeadh Dia sásta leo bréagadóireacht a sheachaint. (Seanfhocal 6:16-19; Colosaigh 3:9, 10) Tá rian na sainte ar gach cineál cearrbhachais. Mar sin ní bhíonn páirt ag Críostaithe in aon chineál cearrbhachais, crannchuir, rásaí capall, biongó agus a leithéidí. (Eifisigh 5:3-5) Agus ní dhéanann Críostaithe goid. Ní cheannaíonn siad earraí agus fios acu gur goideadh iad ná ní thógann siad rudaí gan cead.—Eaxodus 20:15; Eifisigh 4:28. 4. Rachtanna Feirge, Foréigin: Is minic gníomhartha foréigneacha mar thoradh ar fhearg gan srian. (Geineasas 4:5-8) Ní féidir le duine foréigneach a bheith ina chara ag Dia. (Salm 11:5; Seanfhocal 22:24, 25) Níl sé ceart díoltas a bhaint amach ná rud mailíseach a dhéanamh ar dhaoine eile faoi go ndearna siadsan urchóid orainne.—Seanfhocal 24:29; Rómhánaigh 12:17-21. 5. Orthaí Draíochta agus Asarlaíocht: Cuireann daoine a muinín i gcumhacht na spiorad le súil leigheas a fháil ar thinnis. Cuireann daoine eile orthaí lena naimhde a dhéanamh tinn nó le hiad a mharú fiú. Is é Sátan an chumhacht atá taobh thiar de na nósanna seo. Mar sin níor chóir do Chríostaithe aon bhaint a bheith acu leo. (Deotranaimí 18:9-13) Is í an chosaint is fearr in aghaidh orthaí ná teannadh isteach le Iehova.—Seanfhocal 18:10. 6. Meisce: Ní drochrud braon beag fíona, beorach, nó deoch alcólach eile a ól. (Salm 104:15; 1 Tiomóid 5:23) Ach is drochrud ól trom agus meisce i súile Dé. (1 Corantaigh 5:11-13; 1 Tiomóid 3:8) Is féidir le hiomarca óil do shláinte a scrios agus do chlann a chur trína chéile. D’fhéadfadh sé tabhairt ort géilleadh go héasca do chathuithe eile.—Seanfhocal 23:20, 21, 29-35. 7. Ní thabharfar “ríocht Dé mar oidhreacht” don té a chleachtann an rud a ndeir Dia gur drochrud é. (Galataigh 5:19-21) Má tá fíorghrá agat do Dhia agus fonn ort é a shásamh, is féidir leat briseadh saor ó na nósanna seo. (1 Eoin 5:3) Foghlaim le fuath a bheith agat don rud a dtugann Dia drochrud air. (Rómhánaigh 12:9) Roghnaigh mar chomhluadar daoine a bhfuil nósanna diaganta acu. (Seanfhocal 13:20) D’fhéadfá cabhair a fháil ó Chríostaithe aibí. (Séamus 5:14) Thar aon rud eile, bí ag guí chun Dé agus bíodh muinín agat as an gcabhair a thugann sé.—Filipigh 4:6, 7, 13. |
||
Foilsithe i 1999 |
|
Copyright © 2011 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania. All rights reserved. |
|