| Céard Atá Dia a Iarraidh Orainne? | Ceacht 12 |
Ag Léiriú Ómóis don Bheatha agus d’Fhuil |
|
| Cén dearcadh is ceart a bheith againn i leith na beatha? (1) an ghinmhillte? (1) | |
| Cén chaoi a léiríonn Críostaithe go bhfuil aird acu ar shábháilteacht? (2) | |
| An bhfuil sé ceart ainmhithe a mharú? (3) | |
| Céard iad cuid de na cleachtais nach léiríonn ómós don bheatha? (4) | |
| Céard é dlí Dé maidir le fuil? (5) | |
| An bhfuil fuilaistriú san áireamh anseo? (6) | |
1. Is é Iehova foinse na beatha. Is ó Dhia a fuair gach dúil bheo a beatha. (Salm 36:9) Tá an bheatha naofa i súile Dé. Tá beatha an linbh gan bhreith fiú i mbroinn a mháthar, luachmhar i súile Iehova. Is é an dearcadh atá ag Dia nach bhfuil sé ceart páiste a bheadh ag forbairt mar sin a mharú in aon turas.—Eaxodus 21:22, 23; Salm 127:3.
2. Bíonn aird ag fíorChríostaithe ar shábháilteacht. Déanann siad cinnte go bhfuil a gcuid carranna agus áiteanna cónaithe sábháilte. (Deotranamaí 22:8) Ní chuireann searbhóntaí Dé i gcontúirt iad féin gan ghá ar mhaithe le pléisiúr nó spreagadh. Mar sin ní ghlacann siad páirt i spórtanna foréigneacha ina ngortaítear daoine eile in aon turas. Seachnaíonn siad siamsaíocht a spreagann foréigean.—Salm 11:5; Eoin 13:35. 3. Tá beatha ainmhithe naofa i súile Dé freisin. Is féidir le Críostaí ainmhithe a mharú chun bia nó éadach a sholáthar nó chun é féin a chosaint ar thinneas nó ar chontúirt. (Geineasas 3:21; 9:3; Eaxodus 21:28) Ach ní ceart drochíde a thabhairt d’ainmhithe ná iad a mharú díreach ar mhaithe le spórt nó pléisiúr.—Seanfhocal 12:10. 4. Ní nósanna do Chríostaithe caitheamh tobac, cogaint cnó beitil, ná tógáil drugaí ar mhaithe le pléisiúr. Is drochchleachtais iad seo mar (1) déanann siad a sclábhaithe dínn, (2) déanann siad dochar dár gcolainn, agus (3) tá siad neamhghlan. (Rómhánaigh 6:19; 12:1; 2 Corantaigh 7:1) Is minic go mbíonn sé deacair na nósanna seo a bhriseadh. Ach ní mór dúinn é a dhéanamh más linn Iehova a shásamh. 5. Tá fuil naofa i súile Dé freisin. Deir Dia go bhfuil an t-anam nó an bheatha, san fhuil. Mar sin níl sé ceart fuil a ithe. Níl sé ceart ach oiread feoil ainmhí nach bhfuil a chuid fola tarraingthe i gceart a ithe. Má thachtar ainmhí nó má fhaigheann sé bás i ngaiste ní ceart é a ithe. Más le sleá nó le gunna a mharaítear é, ní mór a chuid fola a tharraingt go tapa má tá sé le hithe.—Geineasas 9:3, 4; Léivític 17:13, 14; Gníomhartha 15:28, 29. 6. An bhfuil sé ceart glacadh le fuilaistriú? Cuimhnigh go n-iarrann Dia orainn staonadh ó fhuil. Is ionann sin is a rá nach ceart dúinn fuil dhaoine eile, ná fiú ár bhfuil féin tar éis é a bheith stóráilte, a thabhairt isteach inár gcolainn ar bhealach ar bith. (Gníomhartha 21:25) Mar sin ní ghlacfaidh fíorChríostaithe le fuilaistriú. Glacfaidh siad le cineálacha eile córacha leighis agus earraí leighis fad is nach bhfuil fuil i gceist iontu. Is é a mian maireachtáil, ach ní bhrisfidh siad dlíthe Dé ar mhaithe le fanacht beo.—Matha 16:25. |
||
Foilsithe i 1999 |
|
Copyright © 2011 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania. All rights reserved. |
|