| Céard Atá Dia a Iarraidh Orainne? | Ceacht 15 |
Ag Cabhrú le Daoine Eile chun go nDéanfaidís Toil Dé |
|
| Cén fáth a n-inseofá na rudaí atá tú a fhoghlaim do dhaoine eile? (1) | |
| Cé leis a bhfuil tú in ann an deá-scéal a roinnt? (2) | |
| Cén tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag d’iomparsa ar dhaoine eile? (2) | |
| Cén uair a bheidh tú in ann craobhscaoileadh in éineacht le pobal na bhFinnéithe? (3) | |
1. Faoin am seo tá go leor rudaí maithe foghlamtha agat as an mBíobla. Ba cheart go dtabharfadh an t-eolas seo ort pearsantacht Chríostaí a shaothrú. (Eifisigh 4:22-24) Tá an t-eolas seo riachtanach más leat maireachtáil go deo. (Eoin 17:3) Ach tá gátar ag daoine eile freisin leis an deá-scéal a chloisteáil chun go slánófar iadsan chomh maith. Tá dualgas ar gach fíorChríostaí fianaise a thabhairt do dhaoine eile. Is é ordú Dé é.—Rómhánaigh 10:10; 1 Corantaigh 9:16; 1 Tiomóid 4:16. 2. Is féidir leat tosú trí na rudaí atá tú a fhoghlaim a roinnt leo siúd is gaire duit. Inis do do chlann, do chairde, agus do chomrádaithe scoile nó oibre fúthu. Bí cineálta agus foighneach agus tú á dhéanamh. (2 Tiomóid 2:24, 25) Cuimhnigh gur minic gur mó a thugann daoine suntas d’iompar duine ná mar a thungann siad don rud a deir sé. Mar sin tharlódh go dtarraingeodh do dheá-iomparsa aird dhaoine chun go n-éisteoidís leis an teachtaireacht atá agat dóibh.—Matha 5:16; 1 Peadar 3:1, 2, 16. 3. In am trátha, b’fhéidir go gcáileofá chun tosú ag craobhscaoileadh leis an bpobal áitiúil d’Fhinnéithe Iehova. Is céim thábhachtach in do dhul chun cinn í seo. (Matha 24:14) Nárbh iontach an t-ábhar lúcháire é dá mbeifeása in ann cabhrú le duine eile le beith ina shearbhónta ag Iehova agus an bheatha shíoraí a bhaint amach!—1 Teasalónaigh 2:19, 20. |
||
Foilsithe i 1999 |
|
Copyright © 2006 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania. All rights reserved. |
|